Tá Clárlann na Talún, faoi bhainistíocht an Údaráis Chlárúcháin Maoine, tiomanta do sheirbhís den scoth a sholáthar duitse, ár gcustaiméir, atá inrochtana go h-éasca trí mheáin éagsúla, lena n-áirítear:
- ár landdirect.ie ar-líne landdirect.ie, atá le fáil trí ár láithreán gréasáin www.prai.ie nó www.landdirect.ie
- freastal pearsanta ag ár n-oifigí lárnacha i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge
- trí úsáid na seirbhíse poist, Ríomh-Phoist, idirlín agus gutháin
Leagann an chairt seo amach caighdeán na seirbhíse a fhéachfaimid lena soláthar d’ár gcustaiméirí.
Seachadadh Seirbhíse
Féachfaimid leis na spriocanna seo a leanas a bhaint amach i leith seachadadh seirbhíse:
- 95% des na cóipeanna fóilió a lorgaítear trí landdirect.ie a soláthar laistigh de 24 uair a chloig i ndiaidh an iarratais a fháil
- 80% des na cóipeanna fóilió/pleananna teidil a lorgaítear trí landdirect.ie a soláthar laistigh de 24 uair a chloig i ndiaidh an iarratais a fháil
- Uimhreacha tagartha le h-aghaidh aon dhéileáil taiscthe tríd an bhfoirm leictreonach 17 a bheith ar fáil láithreach
- Uimhreacha tagartha le h-aghaidh déileáil taiscthe tríd an bpost nó ag an gcuntar poiblí a bheith ar fáil go leictreonach via landdirect.ie laistigh de dhá lá oibre ón am a fhaighimid an t-iarratas
- Iarratais ar Bhunchíosanna a bheith admhaithe laistigh de chúig lá oibre óna dtaisce
- Féadfar cuardach ar threoir na n-ainm a dhéanamh láithreach trí landdirect.ie
- 90% de chuardach ar Léarscáileanna lena gcomhlánú laistigh de chúig lá oibre
I gcás práinne i leith déileáil áirithe ba chóir duit scríobh chugainn ag míniú chúis na práinne agus déanfaimid gach dhícheall réasúnta chun d’achainí a shásamh.
Fiosrúcháin ar an nGuthán
De ghnáth, beimid ábalta do ghlaonna gutháin a fhreagairt ón Luan go dtí an Déardaoin ó 9.15 r.n. go dtí 5.30 i.n. agus ar an Aoine ó 9.15 r.n. go dtí 5.15 i.n. seachas ar laethanta saoire poiblí. Déileálfaimid le do fhiosrúchán go cúirtéiseach agus go cabhrach. Mura bhfuilimid ábalta freagra a thabhairt duit láithreach, tógfaimid do shonraí agus glaofaimid ar ais ort ag am socraithe.
Eolas
Fiú nach féidir linn comhairle áirithe a thabhairt ar iarratais ar leith, tá eolas bainteach le cleachta agus modhanna Clárlann na Talún le fáil faoi Treoracha Cleachtais agus faoi Fógraí Oifige Dlí ar ár láithreán gréasáin. Tá na Treoracha Cleachtadh á thabhairt suas chun dáta faoi láthair de réir a chéile.
Leanfaimid ag tabhairt ár láithreán gréasáin suas chun dáta go rialta agus beidh gach phríomh fhoilseachán le fáil ar ár láithreán gréasáin.
Leanfaimid ar aghaidh ag cur in iúl do chleachtóirí dlí aon fhorbairtí nua trí fhógraíocht i “The Law Society Gazette”.
Rochtain ar ár Saoráidí
Féachfaimid le h-oifigí poiblí sábháilte agus inrochtana a sholáthar. De bharr aois agus dearadh an fhoirgnimh, tá rochtain fhisiceach teoranta sna oifigí ag Sráid na Seansaireachta. Má tá riachtanais rochtana faoi leith agat, áfach, agus má theastaíonn uait teacht ar ár n-Oifig i Sráid na Seansaireachta, déan teagmháil led’ thoil lenár Oifigeach Rochtana do dhaoine faoi mhíchumas trí ghlaoch gutháin a chur ar 01-8048146 roimh do chuairt.
Comhlíonann ár láithreán gréasáin leis na treoirlínte caighdeánacha i leith teacht ar an eolas ar Leibhéal AA de W3C.
Seirbhís trí Ghaeilge
Tá an tÚdarás Clárúcháin Maoine, mar eagraíocht, tiomanta chun seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí i nGaeilge agus i mBéarla araon. Leagtar amach ár ngealltanais i ndáil leis an nGaeilge i Scéim Tionscnaimh na Gaeilge 2007-2010 an Údaráis.
Cumarsáid leis na Custaiméirí
Téimid i gcomhairle lenár gcustaiméirí ó am go chéile trí shuirbhéanna custaiméara agus lorgaímid do mheas ar ár seirbhísí ar ár láithreán gréasáin. Úsáidfimid torthaí an chomhairlithe seo chun feabhas a chur ar ár seirbhísí agus ar riachtanais ár gcustaiméirí a bhaint amach ar bhonn leanúnach.
Leanaimid ar aghaidh ag comhoibriú le custaiméirí trí an nGrúpa Dírithe ar Chustaiméirí, an fóram ionadaíochta atá ann faoi láthair, nó le aon bhuíon oiriúnach eile.
Nos Imeachta do Ghearáin
Is é aidhm na foirne go léir i gClárlann na Talún seirbhís chustaiméara ard-chaighdeánach a chur ar fáil. Má tá aon ghearáin agat maidir le h-aon cheann den ár seirbhísí cur in iúl é don fhoireann san oifig faoi leith.
Táimid tiomanta do:
- dhéileáil le gearáin i slí atá cúirtéiseach, dlúsúil agus éifeachtach
- ghearáin a réiteach, nuair is féidir, ag an gcéad phointe teagmhála
- aon ghníomhaíocht mí-chóir nó neamh-fhóirsteanach d’ár gcuid a cheartú chomh luath agus is féidir
- fhoghlaim ó bhotúin chun a dheimhniú nach dtarlaíonn a leithead arís
(Féach faoi Nós imeachta do Ghearáin)
Achomhairc
I gcúrsaí a bhaineann le clárú teidil féadfaidh aon duine a bheidh éagóirithe le hordú nó cinneadh a rinne an tÚdarás achomharc a dhéanamh chun na cúirte (an tAcht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 1964 & 2006).
Cabhraigh Linn chun Cabhrú Leatsa
1. Le roinnt blianta anuas táimid tar éis infheistiú mór a dhéanamh i gcórais ríomhaireachta nua-aimsire chun feabhsú a dhéanamh ar fáil ár seirbhísí. Molfaimid go láidir duit úsáid a bhaint as ár seirbhís rochtana leictreonach landdirect.ie .Tá landdirect.ie inrochtana ó 7 r.n. go dtí 8 i.n. Luan go hAoine agus ar an Satharn ó 7 r.n. go dtí meán lae, nuair is féidir
- iarratais ar chlárú (Foirm 17) a thaisceadh go leictreonach
- iarratais ar chóip-fhóilió/phlean comhdaithe a thaisceadh go leictreonach
- fóiliónna a fheiceáil ar-líne
- chuardach a dhéanamh ar Threoir na n-Ainm
- Uimhreacha Déileálacha maidir le h-iarratais thaiscthe a fháil
- imeacht na déileálacha a leanúint le linn a dtréimhse inár n-oifigí
2. Cinntiú go dtaisctear na cáipéisí i gceart lena gclárú.
3. Coimeád cóipeanna de na cáipéisí a thaisceadh.
Uaireanta Oibre na hOifige
Tá oifigí poiblí Chlárlann na Talún suite i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. Bíonn na hóifigí seo oscailte ó Luain go h-Aoine, óna 10.30 r.n. go 4.30 i.n. seachas ar laethanta saoire poiblí.
Gheofar sonraí teagmhála agus suíomh na hoifige faoi Déan teagmháil linn.