Is é aidhm na foirne go léir san Údarás Clárúcháin Maoine seirbhís chustaiméara ard-chaighdeánach a chur ar fáil.
Má tá aon ghearáin agat maidir le haon cheann dár seirbhísí cur in iúl é don fhoireann san oifig faoi leith a dhéanfaidh gach iarracht chun do ghearáin a réiteach chomh luath agus is féidir.
Más gearán casta é ba chóir é a chur i bhfoirm scríofa chun a chinntiú go bhfuil na sonraí go léir tugtha in iomlán.
Cén eolas gur chóir duit a sholáthar?
• D’ainm agus do sheoladh
• Aon uimhreacha tagartha ábhartha
• Tabhair do ghearán
• Ainm an fheidhmeannaigh (na bhfeidhmeannach) nó an roinn (na ranna) ar phléigh leat
• Uimhir theileafóin i rith an lae, má tá tú sásta go ndéanfaimis teagmháil leat ar an dteileafón
Má bhíonn tú míshásta leis an bhfreagra a fuarthas féadfaidh tú do ghearáin a chur in iúl don Bhainisteoir Réigiúnach.
Más mian leat do chuid gnó a dhéanamh trí mheáin na Gaeilge, déan teagmháil le:
| Contaetha | Teagmháil | Teileafón | Seoladh |
| Gach contae | Peter Guy | (051) 303161 | Bóthar Chorcaí, Port Láirge |
Tar éis duit an nós imeachta thuasluaite a leanúint, má bhíonn tú fós míshásta leis an bhfreagra a fuarthas féadfaidh tú a dhul i dteagmháil le Margaret Mulhair, An tÚdarás Clárúcháin Maoine, Sráid na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 7.
Teileafón (01)8048063, ríomhphost margaret.mulhair@prai.ie (más mian leat do chuid gnó a dhéanamh trí mheáin na Gaeilge).
Má tá tú tar éis dul trí bhealach na ngearán laistigh de Údarás Clárúcháin Maoine agus má cheapann tú nár pléadh le do ghearáin i slí cheart d’fhéadfá teagmháil a dhéanamh le h-Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Teileafón (01) 6395600, Facs (01) 6395674, Glao Áitiúil 1890 22 30 30, ríomh-post ombudsman@ombudsman.gov.ie.