Arna nuashonrú - 28 Márta 2012
Clárú Talún in Éirinn
Trí chomparáid idirnáisiúnta a dhéanamh, tá córas an-fhairsing agus dea-fhorbartha de chlárú talún ag Éirinn. Ó bunaíodh Clárlann na Talún sa bhliain 1892, bhí clár leanúnach diaidh ar ndiaidh ar bun de ghluaiseacht ann ón gcóras teoranta níos sine de Ghníomhais a thaifeadadh (i gClárlann na nGníomhas), go dtí an córas níos nua-aimseartha, solúbtha, cuimsithí de ‘chlárú teidil’, a chuirtear ar fáil trí Chlárlann na Talún.
Tá 93% den mórchríoch sa Stát agus beagnach 90% de na teidil dhlíthiúla in Éirinn anois cláraithe i gClárlann na Talún. Mar a thaispeántar sa léarscáil thíos, tá beagnach gach teideal dlíthiúil i roinnt contaetha anois cláraithe. Taispeánann an léarscáil seo thíos chomh fairsing is atá clárú talún in Éirinn ar bhonn contae de réir contae, amhail ag Márta 2012.

Éascaíodh roinnt mhaith den dul chun cinn le blianta beaga anuas trí chur i bhfeidhm rathúil céimneach de chlár mór úrscothach sa Teicneolaíocht Faisnéise, go háirithe na cláir seo a leanas:
· Sláncóras Eolais um Chlárú Teidil - ITRIS - (1999-2002)
· Tionscadal na Mapála Digití (2005-2010) agus
· Tiontú an chláir iomláin agus na treoracha a ghabhann leo ó pháipéar go formáid lándigithe (2006-2009)
Mar thoradh ar na tionscadail seo tá 2 mhilliún teideal anois, a chuimsíonn beagnach 2.8 mhilliún de chodanna indibhidiúla talún, cláraithe i gClárlann Talún na hÉireann.
Is amhlaidh beidh feidhm ag clárú éigeantach i ngach aon chontae.
Clárú Éigeantach
Bíonn clárú le Clárlann na Talún éigeantach sna cásanna seo a leanas:
1. Talamh ceannaithe faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh.
2. Talamh a fuair údarás reachtúil tar éis an 1 Eanáir 1967.
3. *Idirbheartaíochtaí áirithe i ndáil le maoin atá lonnaithe i gContaetha agus i gCathracha atá liostaithe sa tábla thíosluaite:
| Contaetha atá i gceist | Dáta éifeachtach |
| | |
| Ceatharlach, An Mhí agus Laois | 1 Eanáir 1970 |
| An Longfort, An Iarmhí agus Ros Comáin | 1 Aibreán 2006 |
| An Clár, Cill Chainnigh, An Lú, Sligeach, Loch Garman agus Cill Mhantáin | 1 Deireadh Fómhair 2008 |
| An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Dara, Liatroim, Luimneach, Maigh Eo, Muineachán, Tiobraid Árann Thuaidh, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann Theas agus Port Láirge | 1 Eanáir 2010 |
| Corcaigh agus Baile Átha Cliath | 1 Meitheamh 2011 |
| | |
| Cathracha atá i gceist | Dáta éifeachtach |
| | |
| Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge [mar atá sainithe in Alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil 2001]. | 1 Eanáir 2010 |
| Corcaigh agus Baile Átha Cliath | 1 Meitheamh 2011 |
| | |
*i gcás na talún ruílse – tíolacas díola
*i gcás na talún léasachta – deontas nó sannachán díola
