Plean Gníomhaíochta an ÚCM

 

 

Rinneadh athbhreithniú ar Chomhaontú Seirbhíse Poiblí an ÚCM i bhfianaise iarratais i mí na Nollag 2010 ón Roinn Airgeadais go ndéanfadh gach Oifig Rialtais athbhreithniú/leasú ar a bPleananna Gníomhaíochta i bhfianaise fhoilsiú an Phlean Téarnaimh Náisiúnta agus Bhuiséad 2011. Níor chúisigh an t-athbhreithniú seo aon athruithe substainteacha ar Phlean Gníomhaíochta an ÚCM. Chuir an Roinn teimpléad nua ar fáil agus threoraigh go ndéanfaí tionscnaimh faoin bPlean Gníomhaíochta a aicmiú ach tagairt do thrí cinn de cheannteidil in ionad na gcúig cheannteideal a bhí ann sa leagan roimhe. Is iad na trí cheannteideal seo ná “Bainistiú Feabhsaithe ar Acmhainní Daonna”, “Próisis Fheabhsaithe Ghnó”, agus “Soláthar don Saoránach” agus tá plean an ÚCM anois ag teacht leis an teimpléad sin.

Comhaontú Seirbhíse Poiblí 2010-2014 – Plean Gníomhaíochta an ÚCM (pdf.30.7KB) Féach freisin

Department of Justice and Law Reform Action Plan

Sheol an Comhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe suíomh gréasáin nua ar féidir rochtain a fháil air ag:

http://implementationbody.gov.ie