Seirbhísí Bunchíosanna

 

 

Riarann an tÚdarás Clárúcháin Maoine scéim faoinar féidir le húinéirí maoine léasach a mbunchíosanna a cheannach agus cur lena leas chun ruíleas a dhéanamh de. (Maireann leas léasach ar feadh téarma socraithe de bhlianta agus bíonn sé faoi réir cíosa ach is féidir le ruíleas maireachtáil go brách.)

Tugadh feidhm don Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978 ar 1 Iúil 1978 agus chuir sé modh nua ar fáil chun bunchíosanna tithe cónaithe a cheannach. De réir an Achta 1967 ba faoi na páirtithe féin a bhí sé an ceannach a shocrú agus d’fhéadfaí aon díospóid a chur faoi bhráid an Chláraitheora Contae, agus d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda faoi cibé rud a dhámhadh sé.  Bhíodh ar an gceannaitheoir costais an tiarna talún maidir leis an idirbheart a íoc. Cur chuige eile a bhí in Acht (Uimh. 2) na bliana 1978 sa mhéid is go ngeallfadh an tÚdarás Clárúcháin Maoine go ndéanfadh sé an obair dhlíthiúil maidir le críochnú cheannach an fheo shimplí ar tháille forordaithe agus fágadh riar na scéime faoin Údarás Clárúcháin Maoine in áit é a bheith le déanamh ag an gCláraitheoir Contae.

Tá sé de chumhacht ag an Údarás Clárúcháin Maoine an feo simplí a dhílsiú i dtionóntaithe tithe cónaithe, ar choinníoll go ndéantar iarratas mar is cuí de réir Chuid III den Acht.  Déantar an feo simplí a dhílsiú trí dheimhniú dílseacháin a fheidhmíonn mar thíolacas an fheo shimplí agus aon leasanna idirmheánacha saor ó eirí. Bhain breis agus 80,000 iarratasóir leas as an scéim ó tugadh isteach í in 1978 agus fuair siad teideal ruíleas i leith a maoine.

 

Naisc Úsáideacha

Scéim Cheannaigh le haghaidh Bunchíosanna - Bileoigín Mhínitheach

Tionóntachtaí Bliantúla - Treoirlínte maidir le hiarratais faoin Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978

Treoirlínte maidir le hiarratais a dhéanamh ar mhacasamhla dheimhnithe dílseacháin agus ar leasaithe ar dheimhnithe díseachán

Mionnscríbhinn maidir le Deimhniú Dílseacháin caillte

Bunchíosanna- Ceisteanna Coitianta

Applications in Person - Legal Office Notice 5/2010 - Níl leagan Gaeilge ar fáil

Ground Rents Fees Order - Níl leagan Gaeilge ar fáil

Ground Rents Practice Direction (published 2006) - Níl leagan Gaeilge ar fáil

Interview with Brigid McCaffrey, recently retired Ground Rents Arbitrator - The Irish Times Commercial Property Supplement 26 May 2010 - Níl leagan Gaeilge ar fáil

Bunchíosanna – Foirmeacha