An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Fógraí Oifige Dlí
Chomh maith leis an eolas a sholáthraítear faoi na Treoracha Cleachtais, cuirtear nuashonrúcháin rialta ar fáil i ndáil le forbairtí
agus cleachtais nua i bhfoirm Fógraí Oifige Dlí.
Níl sna Fógraí Dlí ach treoir agus níor chóir caitheamh leo mar léirmhínithe dlí. Cé go rabhthas réasúnta cúramach nuair a bhí na
Fógraí Oifige Dlí á dtiomsú níl aon uiríoll déanta i ndáil le cruinneas ná iomláine. Is ar a
phriacail féin a úsáideann an t-úsáideoir aon eolas sna Fógraí Oifige Dlí, agus féadfar iad a
athrú nó a nuashonrú ag aon am gan fógra a thabhairt. Ní ghlacfaidh an Cláraitheoir Gníomhas
agus Teidil ná an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe dlí dliteanas dlíthiúil
as aon mhíchruinneas nó easnamh san eolas sna Fógraí Oifige Dlí.
Cé nach féidir le haon sraith treoracha cleachtais a mhaíomh go bhfuil siad uilechuimsitheach tá súil againn go gcuirfidh foilsiú na dtreoracha cleachtais agus na bhFógraí Oifige Dlí cúnamh ar fáil do dhaoine a mbeadh an deis acu ár seirbhísí a úsáid. Ba chóir duit a thabhairt do d’aire, ámh, nach comhlacht comhairleach é an tÚdarás Clárúcháin Maoine agus nach féidir leis comhairle a thabhairt i leith cásanna indibhidiúla.
Tabhair faoi deara nach bhfuil na Fógraí Oifige Dlí ar fáil trí mheáin na Gaeilge – mar sin ba cheart aon chuardach a dhéanamh trí mheáin an Bhéarla.