Tá áthas ar an tÚdarás Clárúcháin Maoine a fhógairt go bhfuil sé roghnaithe mar bhuaiteoir i gCatagóir na gComhlachtaí Stáit sna Dámhachtana r-Seirbhísí Rialtais Times na Seirbhíse Poiblí dá chóras urscaoilte leictreonacha (r-Urscaoilte)
Ghlac Catherine Treacy, Príomhfheidhmeannach an gradam thar ceann an ÚCM agus dúirt:
“Tugann aitheantas seo ar ár ndul chun cinn borradh breise dár gclár leanúnach um fhorbairt ar sheirbhísí ar-líne agus gan pháipéar. Tá áthas orainn aitheantas a thabhairt don Ollchumann Dlí, Cónaidhm Baincéireacht na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim agus an Oifig um Chlárú Cuideachtaí mar chuid den bhord feitheoireachta ar fhorbairt agus ar fheidhmiú rathmhar an tionscadail seo.”
Arna Fhoilsiú 7 Aibreán 2011