Gradam Feabhais na Seirbhíse Poiblí don ÚCM

Is áthas leis an Údarás Clárúcháin Maoine a fhógairt go bhfuair ár Slánchóras Eolais um Chlárú Teidil  (ITRIS)  Gradam Feabhais na Seirbhíse Poiblí ón Taoiseach , Mr. Bertie Ahern T.D. ag searmanas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 18ú Aibreán 2008.

Bhí ár dtionscadal rathúil ar cheann de 20 a bhuaigh gradam ó 183 iontráil, a ndearna coiste neamhspleách roghnú eatarthu.

Aithníonn Gradaim Feabhais na Seirbhíse Poiblí, a bhronnann an Taoiseach gach dara bliain,  an tiomantas, an chruthaíocht agus an nuálaíocht  atá laistiar de thionscadail tábhachtacha a chuireann le luach na seirbhísí poiblí a úsáideann na saoránaigh. Cuireann an imeacht béim ar chuid de na samplaí is fearr d’fhoirfeacht agus de nuálaíocht ar fud na seirbhíse poiblí.

Ghlac Catherine Treacy, Príomhfheidhmeannach an gradam thar ceann an ÚCM agus dúirt::

“Tá áthas orm glacadh leis an ngradam ardcháil seo thar ceann gach aon duine san Údarás Clárúcháin Maoine. Aitheantas is ea é ar an-iarracht agus ar an tiomantas ag ár bhfoireann agus ag ár gcomhpháirtithe tionscadail agus soláthraíonn sé spreagadh tráthúil dúinn ar fad atá rannpháirteach sa chéad chéim eile dár gclár nuachóirithe."

Tá a thuilleadh faisnéise ar Ghradaim Feabhais na Seirbhíse Poiblí arwww.bettergov.ie