Oscailt oifigiúil na hoifige nua i Ros Comáin

Oifig nua dhíláraithe an Údaráis Clárúcháin Maoine i Ros Comáin oscailte go hoifigiúil ag an Aire Finneran

Thar ceann an Aire Dlí agus Cirt, An tUas. Brendan Smith, d’oscail an tUas. Michael Finneran, An tAire Tithíochta agus Seirbhísí Áitiúla ag an Roinn Comhshaoil. Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go hoifigiúil inniu oifig nua dhíláraithe an Údaráis Clárúcháin Maoine (ÚCM) ar Bhóthar  an Mhachaire Ghailf, Ros Comáin.

Ag labhairt ag an ócáid dúirt an tAire Finneran “go bhfacthas sár-dhul chun cinn le blianta beaga anuas i nuachóiriú an Údaráis Clárúcháin Maoine, agus mar thoradh air sin bhíothas in ann cur go suntasach le táirgeacht agus le héifeachtacht an Údaráis. D’éirigh go maith leis an aistriú a rinneadh ó chlár páipéir go clár leictreonach agus cuireann seo ar chumas an ÚCM an chéad bhunachar sonraí náisiúnta bainteach le talamh ar líne in Éirinn a sholáthar dá chustaiméirí – clár ar a bhfuil eolas bainteach le 2.5  milliún dáileacht talún arna léiriú ag isteach is amach le 15,000,000 teorainn atá ar fáil le go ndéanfaí iad a iniúchadh ar líne”.

Dar leis an Aire “A bhuíochas le ríomhairiú an Chláir is féidir forbairtí breise a dhéanamh i réimsí an chlárúcháin leictreonaigh agus an tíolactha leictreonaigh ag teacht le straitéis ríomhrialtais an Rialtais agus tacóidh le comhtháthú breise ar  sheirbhísí talamh-bhainteacha sna blianta amach romhainn”.

Is é an tÚdarás Clárúcháin Maoine (ÚCM) an eagraíocht Rialtais le freagracht as clárú talún in Éirinn. Ar cheann de na feidhmeanna de chuid an ÚCM tá bainistiú oifigí Chlárlann na Talún agus clárú úinéireachta talún a chur chun cinn agus a shíneadh. I gcomparáid le tíortha eile, tá córas an-fhairsing, dea-fhorbartha ag Éirinn agus déanann an ÚCM próiseáil ar bhreis is 2 mhilliún iarratas eolais nó seirbhísí eile gach bliain.

Seo an dara huair a bhí an ÚCM páirteach i gclár mór díláraithe. Sa bhliain 1997, d’oscail oifig dhíláraithe Chlárlann na Talún ar Bhóthar Chorcaí i bPort Láirge. D’éirigh go maith leis an tionscadal seo don ÚCM agus don phobal áitiúil agus tá an ÚCM ag súil go n-éireoidh chomh maith céanna leis an dílárú go Ros Comáin.

 

Arna Fhoilsiú 18 Feabhra 2011