Beidh gach duine le cuntas landdirect.ie ábalta cuardach ar líne a dhéanamh ar bhunachar Chlárlann na nGníomhas ó dháta luath i mí Feabhra 2010. Trí mheán na háise seo beifear in ann cuardach ar líne a dhéanamh ar ár dtaifid go léir ó 1970 go dtí anois agus beidh custaiméirí in ann Cuardaigh Oifigiúla agus Cóipeanna Meabhrúcháin/Foirmeacha Iarratais a ordú ar líne.
Cuirfear Treoir maidir le Cuardach ar líne Chlárlann na nGníomhas in airde ar an suíomh gréasáin seo i mí Feabhra.
Nóta Eolais: Chun éascú a dhéanamh ar an gcuardach ar líne beidh gá seirbhísí uile RAMIS a chur ar fionraí i gClárlann na nGníomhas ar 24, 30 agus 31 Nollaig ionas go mbeifear in ann sonraí RAMIS a aistriú chuig an gcóras ITRIS. Dá bhrí sin, ní bheifear in ann cuardaigh a dhéanamh ar RAMIS ar na dátaí sin. Beidh an tseirbhís ag feidhmiú mar is gnách arís ar an 4 Eanáir 2010.