Eolas chun dáta faoi landdirect.ie

 

Roghanna maidir le Cóipeanna Deimhnithe a Ordú

Tabharfaidh custaiméirí faoi deara go ndearnadh roinnt athruithe ar na roghanna chun cóipeanna a ordú ar landdirect.ie.

Baineadh an tagairt a bhí ann do ‘léarscáil mhórscála’ agus ordú á dhéanamh ar ‘Chóip d’Fhóilió’ nó ‘Cóip d’Fhóilió le Shainghnéithe’. Má tá léarscáil ar scála níos mó ag teastáil ó chustaiméirí ní foláir dóibh úsáid a bhaint as ‘Léarscáil Speisialta Clárúcháin’. Cuireadh isteach ar an leathanach ‘Iarratas ar Chóip Dheimhnithe’ nóta eolais agus nasc le tuilleadh eolais ar an táirge léarscáile seo.

I gcás go roghnaítear ‘Cóip d’Fhóilió le Léarscáil’ nó ‘Cóip d’Fhóilió le Sainghnéithe’, taispeánfar séanadh agus ticbhosca ag cur in iúl go bhféadfadh nach bhfuil an léarscáil a ordaíodh oiriúnach chun críocha clárúcháin. Is gá duit tic a chur sa ticbhosca – mura ndéanann tú sin tiocfaidh teachtaireacht earráide aníos agus ní rachaidh an t-iarratas ar aghaidh.  

A luaithe is a dhéanfar an t-iarratas a dheimhniú, cuirfear in iúl don úsáideoir gur sannadh Uimhir Iarratais.

 

Loga Gníomhaíochta

Cuirfear san áireamh anois i Loga Gníomhaíochta gach úsáideora réimse breise ina sonrófar Uimhir Iarratais na Cóipe. Tá súil againn go mbeidh an t-eolas breise seo ina chúnamh d’úsáideoirí.

 

Arna Fhoilsiú 19 Eanáir 2012