Le roinnt blianta anuas, thug an tÚdarás Clárúcháin Maoine (ÚCM) faoi chlár uaillmhianach forbartha ar a sheirbhísí ar líne. I measc na bpríomhchlocha míle le linn na tréimhse sin bhí:
- Seirbhísí ar líne: Rinneadh an tseirbhís seo, a seoladh i 1999, a athbhrandáil mar landdirect.iesa bhliain 2006, ag comhthitim le críochnú Chéim 1 de Mhapáil Dhigiteach, a sholáthraigh áiseanna breise chomh maith, bunaithe ar an léarscáil dhigiteach. Soláthraíonn an tseirbhís seo anois rochtain áisiúil réidh ar raon cuimsitheach de thaifid Chlárlann na Talún dár gcustaiméirí
- Foirm Leictreonach 17: Ligeann an áis seo do chustaiméirí iarratais ar chlárú a réamhthaisceadh agus tá cuid mhór buntáistí ag baint leis i gcomparáid leis an bhFoirm 17 a bhíodh ann, ar pháipéar, ina measc, fíorú córais ar fhaisnéis agus líonadh uathoibríoch roinnt mhaith réimsí riachtanacha ar an bhfoirm.
- Íomháú Doiciméid: D’éascaigh críochnú an tionscadail seo rochtain ar líne ar an gclár iomlán de níos mó ná 1.8 milliún fóilió agus a léarscáileanna comhfhreagracha Plean Comhdaithe.
- Mapáil Dhigiteach: Soláthraíonn an córas mapála digití raon seirbhísí nua agus ligeann sé do chustaiméirí teacht ar shonraí teorainneacha dháileachtaí cláraithe talún. Tarlóidh dhigitiú ar 15 milliún teorainn mar thoradh ar an tionscadal seo, atá sceidealaithe le críochnú sa bhliain 2010. Faoi 1 Meán Fómhair 2008, tá an próiseas digitiú críochnaithe go hiomlán i 13 chontae agus tá cuardach léarscáile ar fáil don tír go léir.
Chuir na forbairtí seo go léir le feabhsuithe suntasacha ar éifeachtúlacht agus iad ag caomhnú agus ag cosaint an chláir ag an am céanna. Lig siad don ÚCM chomh maith córas lán-chuimsitheach a sholáthar chun tacú le clárú talún.
Is é an chéad chéim eile sa chlár seo ná forbairt agus cur i ngníomh a dhéanamh ar an gcóras clárúcháin leictreonach (Ríomhchlárú) a dhéanfaidh suas cuid den tionscadal ríomhthíolactha níos leithne. Tosóidh seo le córas le haghaidh urscaoileadh digiteach de mhuirir chláraithe a bheidh ag croílár na forbartha ar tuilleadh inniúlachtaí clárúcháin leictreonacha agus ríomhthíolacadh. Soláthraíonn an obair go léir a rinneamar go dtí seo an dúshraith d’fhorbairt seirbhísí ríomhchlárúcháin.
Ríomh-Urscaoileadh
Bunaíodh Bord Tionscadail sainordaithe chun an tionscadal seo a bhogadh chun tosaigh go mall i 2006 agus, ag tabhairt aitheantais don tábhacht atá le baint an pháirtithe leasmhara le forbairt córais rathúil, tugadh cuireadh d’ionadaithe ón Dlí-Chumann, an Irish Mortgage Council, na Coimisinéirí Ioncaim agus an Oifig um Chlárú Cuideachtaí teacht isteach ar an mbord. Tá sé beartaithe feidhmiú céimneach a dhéanamh ar an ríomhchlárú, ag tosú le ríomh-urscaoileadh go luath sa bhliain 2009. I gcomhpháirtíocht leis an Dlí-Chumann agus an Irish Mortgage Council, tá samhail do ríomh-urscaoileadh forbartha anois ag an ÚCM. Beidh an córas seo níos sláine agus níos éifeachtaí ná an próiseas atá ann faoi láthair, lena bhfuil moilleanna suntasacha i gceist.
Is iad seo leanas priosabail chomhaontaithe ríomh-urscaoilte:
- Déanfaidh an t-iasachtóir an ríomh-urscaoileadh a thaisceadh
- Déanfar iarratas ar líne a líonadh agus é a chur isteach go leictreonach – ní bheidh aon pháipéar i gceist sa phróiseas
- Ar chríochnú an urscaoilte, cuirfear fógra leictreonach tríú páirtí chuig aturnaetha a bhfuil a seoltaí ríomhphoist soláthraithe ag an bpáirtí taiscthe
- Is córas “Uathoibrithe” a bheidh ann in áit córas “Uathoibríoch” – leanfaidh an ÚCM ar aghaidh ag síniú ar urscaoileadh muirir ón gclár
- Beidh an próiseas rialaithe ag tacar nua Rialacha, I.R. 326 de 2008, a thagann i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2008.
Tá sé beartaithe clár píolótach a reáchtáil do ríomh-urscaoileadh le linn na chéad ráithe de 2009 agus dul isteach i dtimpeallacht lánbheo i mí Aibreáin 2009. Má tá aon eolas breise de dhíth ort maidir le ríomh-urscaoileadh, téigh i dteagmháil le eregistration@prai.ie.
Leathanach foilsithe den chéad uair – 4 Meán Fómhair 2008