Treoir maidir le Cuardach www.prai.ie.
Baineann ár suíomh gréasáin úsáid as inneall cuardaigh cumhachtach Leagan Gnó Google. Tá feidhmiúlacht iomlán Google ag an inneall cuardaigh seo agus cuireann sé ar do chumas cuardach a dhéanamh go sonrach ar an suíomh seo nó an gréasán a chuardach. De bhreis air sin rinneadh innéacsú cuimsitheach ar gach leathanach ar www.prai.ie.
Tá cáilíocht an chuardaigh ag brath go hiomlán ar cháilíocht na gcritéar cuardaigh a chuirtear isteach.
Noda maidir le Cuardach
Eochairfhocail
Déan machnamh cúramach ar na heochairfhocail a chuireann tú isteach sa chuardach. Ba chóir go mbeadh na heochairfhocail chomh sainiúil agus is féidir; m.sh. dá gcuirfí isteach cuardach le haghaidh téarma ginearálta cosúil le clárú nó deimhniú tabharfar líon chomh mór torthaí go mbeidh sé deacair an rud atá á chuardach agat a aimsiú. Bain úsáid as eochairfhocal a bhaineann go sonrach le do chuardach; m.sh. léasanna, ualaigh, deimhniú dílseacháin.
Bain úsáid as níos mó ná eochairfhocal amháin; m.sh. gheofar torthaí níos úsáidí ar chuardach le haghaidh bás nascúinéara nó bás úinéara chláraithe ná mar a bheadh le fáil le haghaidh an fhocail chuardaigh amháin bás.
Ar an gcaoi chéanna beidh torthaí níos fearr ar chuardach le haghaidh deimhniú dílseacháin ná mar a bheadh ar chuardach le haghaidh an fhocail aonair dílseachán.
“” Frása Beacht:
Má theastaíonn uait cuardach le haghaidh frása beacht, bain úsáid as camóga inbhéartaithe; m.sh. má chuardaítear le haghaidh “tíolacadh leictreonach” gheofar 22 toradh, ach má chuardaítear le haghaidh an fhrása chéanna gan úsáid a bhaint as camóga .i. tíolacadh leictreonach gheofar 41 toradh.
- Focail a fhágáil ar lár
Bain úsáid as an gcomhartha lúide chun focail ar leith a fhágáil ar lár; m.sh. tíolacadh – leictreonach. Cuardóidh sé seo le haghaidh gach leathanaigh ar a bhfuil an focal tíolacadh ach fágfar ar lár leathanaigh ar an bhfuil an focal leictreonach chomh maith.
Seoladh an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin i mí Máirt 2008.
Tabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil na Treoracha Cleachtais ná na Fógraí Oifige Dlí ar fáil trí mheáin na Gaeilge - mar sin ba cheart na hábhar sin a chuardaigh trí mheáin an Bhéarla.