Athruithe ar Chuardach de réir Shonraí an Úinéara Chláraithe:
Ón 22 Feabhra 2012, beidh daoine a bhfuil cuntas landdirect.ie acu in ann cuardaigh ilchontae a dhéanamh ar an Ainm-threoir. Leis an áis seo beidh custaiméirí in ann contae amháin, roinnt contaetha, nó gach contae a roghnú le cuardach a dhéanamh orthu.
Tabhair faoi deara go ngearrtar táille de €2.50 in aghaidh an ainm in aghaidh an chontae. Tá an táille chun cuardach a dhéanamh ar na torthaí go léir teoranta do €2.50, ámh – beidh an táille seo ar taispeáint a luaithe is a roghnófar an chéad fhóilió ón liosta. Nóta tábhachtach - ní féidir filleadh ar an scáileán le torthaí cuardaigh tar éis “View Map” a roghnú – mar sin moltar do chustaiméirí gach fóilió atá uathu ón scáileán le torthaí cuardaigh a sheiceáil sula dtéann siad ar aghaidh chuig an léarscáil.
Athraíodh freisin Loga Gníomhaíochta an Úsáideora, agus anois taispeánfar an contae ina ndearnadh an cuardach. Tá súil againn go mbeidh an t-athrú feabhais seo ina leas dár gcustaiméirí landdirect.ie.
Roghanna maidir le Cóipeanna Deimhnithe a Ordú
Tabharfaidh custaiméirí faoi deara go ndearnadh roinnt athruithe ar na roghanna chun cóipeanna a ordú ar landdirect.ie.
Baineadh an tagairt a bhí ann do ‘léarscáil mhórscála’ agus ordú á dhéanamh ar ‘Chóip d’Fhóilió’ nó ‘Cóip d’Fhóilió le Shainghnéithe’. Má tá léarscáil ar scála níos mó ag teastáil ó chustaiméirí ní foláir dóibh úsáid a bhaint as ‘Léarscáil Speisialta Clárúcháin’. Cuireadh isteach ar an leathanach ‘Iarratas ar Chóip Dheimhnithe’ nóta eolais agus nasc le tuilleadh eolais ar an táirge léarscáile seo.
I gcás go roghnaítear ‘Cóip d’Fhóilió le Léarscáil’ nó ‘Cóip d’Fhóilió le Sainghnéithe’, taispeánfar séanadh agus ticbhosca ag cur in iúl go bhféadfadh nach bhfuil an léarscáil a ordaíodh oiriúnach chun críocha clárúcháin. Is gá duit tic a chur sa ticbhosca – mura ndéanann tú sin tiocfaidh teachtaireacht earráide aníos agus ní rachaidh an t-iarratas ar aghaidh.
A luaithe is a dhéanfar an t-iarratas a dheimhniú, cuirfear in iúl don úsáideoir gur sannadh Uimhir Iarratais.
Loga Gníomhaíochta
Cuirfear san áireamh anois i Loga Gníomhaíochta gach úsáideora réimse breise ina sonrófar Uimhir Iarratais na Cóipe. Tá súil againn go mbeidh an t-eolas breise seo ina chúnamh d’úsáideoirí.
Arna nuashonrú 22 Feabhra 2012