Fógra Tabhachtach maidir le hinghlacthacht Mhapaí a Gineadh ón mBunachar Nua Mapaí Dhigiteacha i gContaetha Digitithe

Socruithe maidir le mapaí sna contaetha seo a leanas:Longfort, Ceatharlach, an Mhí, Cill Chainnigh, an Iarmhí, Loch Garman, an Clár, an Lú, Cill Mhantáin, Ros Comáin, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Sligeach, an Cabhán, Corcaigh, Luimneach,Maigh Eo, Dún na nGall, Liatroim, Ciarraí, Laois, Muineacháin, Tiobraid Árann, Uibh Fhailí Port Láirge agus Chontae na Gaillimhe.

Nuashonraithe 30 Iúil 2010

Tagairt - DM6/2006

Seo tuairisc chun dáta ar dhul chun cinn ár gclár um Mapáil Dhigiteach

Tá na sonraí dáileachta talún do na contaetha seo a leanas: Longfort, Ceatharlach, an Mhí, Cill Chainnigh, an Iarmhí, Loch Garman, an Clár, an Lú, Cill Mhantáin, Ros Comáin, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Sligeach, an Cabhán, Corcaigh, Luimneach, Maigh Eo, Dún na nGall, Liatroim, Ciarraí, Laois, Muineachain, Tiobraid Árann, Uíbh Fhailí, Port Láirge agus Chontae na Gaillimhe ar fáil chun scrúdú a dhéanamh orthu ar líne anois.  Mar thoradh air seo, tá socruithe nua curtha i bhfeidhm maidir le húsáid mapaí Plean Comhadaithe i gcomhair talamh cláraithe sna contaetha seo.  

Socruithe idirthréimhseacha
Ionas go mbeidh an t-athrú chuig an timpeallacht mapaí digiteacha níos fusa, glacfar le mapaí Plean Comhdaithe a eisítear ón mbunachar mapaí páipéir agus leo siúd a ghintear ón mbunachar mapaí digiteacha i gcomhair iarratais a lóisteáltar i gClárlann na Talún

  • Longfort agus Ceatharlach suas go dtí an 4 Meitheamh 2007
  • an Mhí suas go dtí an 2 Iúil 2007
  • Cill Chainnigh agus an Iarmhí suas go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2007.  
  • Loch Garman suas go dtí an 1 Samhain 2007. 
  • An Clár suas go dtí an 1 Feabhra 2008.
  • An Lú agus Cill Mhantáin suas go dtí an 1 Aibreán 2008
  • Ros Comáin suas go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2008
  • Baile Átha Cliath suas go dtí an 1úSamhain 2008
  • Cill Dara agus Sligeach suas go dtí 2ú Eanáir 2009
  • Corcaigh suas go dtí 1 Aibreán 2009
  • Luimneach suas go dtí 1 Meitheamh 2009
  • Maigh Eo suas go dtí 1 Meán Fómhair 2009
  • Dún na nGall suas go dtí 1 Nollaig 2009
  • Liatroim suas go dtí 1 Eanair 2010
  • Ciarraí suas go dtí 1 Feabhra 2010
  • Laois suas go dtí 1 Márta 2010
  • Muineacháin go dtí 1 Aibreáin 2010
  • Tiobraid Árann go dtí 1 Meitheamh 2010
  • Uíbh Fhailí go dtí 1 Iúil 2010
  • Port Láirge go dtí 1 Lúnasa 2010
  • Chontae na Gaillimhe go dtí 1 Samhain 2010

Ó na dátaí seo ar aghaidh, ní bheidh ach

  • mapaí ‘Plean Teidil ITM’ arna dtáirgeadh ag Clárlann na Talún
  • Sainmhapaí Cláraithe ITM arna dtáirgeadh ag Clárlann na Talún
  • ‘Mapa OSi atá in oiriúint do Chlárlann na Talún’ le comhordanáidí ITM á léiriú sa chúinne thuas ar dheis agus sa chúinne thíos ar chlé, arna dtáirgeadh ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann
  • Mapaí Ríomh ghinte (le ceadúnas OSi) a léiríonn comhordanáidí ITM

inghlactha chun críche clárúcháin.

Beidh socruithe cosúla i gceist do gach contae de réir mar a chuirtear sonraí veicteoir teorann ar fáil.

Má bhíonn aon cheist agat maidir leis na cúrsaí seo, téigh i dteagmháil le duine díobh seo a leanas:

Shay Arthur ag 051-30378 (díreach) nó LóGhlao 1890 333 002
r-phost: shay.arthur@prai.ie 

John Kiveney ag 0906 632619
 r-phost: john.kiveney@prai.ie

Má bhaineann d'fhiosrúchán go sonrach le lóisteáil chomhaid CAD téigh i dteagmháil le Shay Arthur ag shay.arthur@prai.ie.

Beidh tuilleadh tuairiscí ar dhul chun cinn ar an suíomh seo de réir mar a tharlaíonn siad.

Foilsíodh an cháipéis seo i dtosach báire ar an 21 Nollaig 2006 agus rinneadh an nuashonrú is déanaí ar an gcáipéis ar an 30 Iúil 2010